D’fhreagair Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí na hÉireann (ECCI) 2,317 ceist agus gearán, ag aisghabháil €203,390 thar ceann tomhaltóirí na hÉireann agus na hEorpa de réir a thuarascáil bhliantúil 2024.

Tá sé mar aidhm ag an ECCI, atá á óstáil ag an gCoimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí (CCPC) ón 1 Aibreán 2024, teacht ar réitigh le haghaidh díospóidí trí chomhoibriú deonach ó thomhaltóirí agus ó ghnólachtaí araon.